Seimineár faoi Úrscéalta na Gaeilge
Is í aidhm an tseimineáir lae seo ceisteanna tábhachtacha bunúsacha maidir le húrscéalta na Gaeilge a chriathrú, stair liteartha agus léirmheastóireachta na Gaeilge a chíoradh, agus plé agus díospóireacht faoi úrscéalta na Gaeilge a spreagadh. Beidh seastán leabhar ag Cló Iar-Chonnacht ag an seimineár.
Trí thaighde, trí mheasúnacht agus trí dhíospóireacht mheáite, pléifear stádas na canóna, cleachtas na léirmheastóireachta agus ceisteanna ar nós: Cad iad mór- úrscéalta na Gaeilge? Cad iad na húrscéalta ar chóir a bheith ar shiollabas na n-ollscoileanna? Cad iad na húrscéalta ar chóir a bheith i mbéal phobal na Gaeilge?
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu freastal ar an seimineár seo áit a chur in áirithe roimh ré trí scéal a chur chuig [email protected] nó glaoigh ar: + 353 1 611 0611