A Thanksgiving Gift in Gaelic Irish
Conradh na Gaeilge is running Cultúr Club workshops with Irish-language & culture community groups in US
Conradh na Gaeilge (also known as The Gaelic League in English) is running a series of eight community-building workshops with Irish-language and culture groups in the United States between 29 November – 11 December 2016.
Thanks to funding from the Department of Arts, Heritage, Regional, Rural & Gaeltacht Affairs and the Fulbright Commission of Ireland for the new Cultúr Club project, Conradh na Gaeilge is working with the Irish-language community in America to share information and advice on issues such as education, publicity, campaigning, and funding with other grassroots groups promoting the language.
Cóilín Ó Cearbhaill, President of Conradh na Gaeilge says:
“Conradh na Gaeilge is developing Cultúr Club to strengthen and support the international Irish-speaking community. We would like to build on the existing network of Irish speakers, foster new initiatives, and raise more awareness of the Irish language and its revival.”
Conradh na Gaeilge is hosting the Cultúr Club workshops in locations across the States from Albany, New York, to Phoenix, Arizona, and they are open to the public. Anyone with an interest in the promotion of the Irish language is welcome to attend any of the following workshops:
· Chicago, Illinois: 29 November 2016
· Wayne, New Jersey: 30 November 2016
· Albany, New York: 3 December 2016
· Phoenix, Arizona: 4 December 2016
· Memphis, Tennessee: 6 December 2016
· Pittsburgh, Pennsylvania: 7 December 2016
· Knoxville, Tennessee: 8 December 2016
· Los Angeles: 11 December 2016
Síne Nic an Ailí, Communications Executive with Conradh na Gaeilge says:
“We are focusing on providing practical advice and specific resources for Irish-language and culture community groups abroad through the Cultúr Club project, including this series of community-building workshops and support materials.”
The Cultúr Club workshops will include topics such as how to finance and publicise Irish-language events, how to source teachers and run Irish classes, and how to organise a language rights campaign as well as ideas for social events through the medium of Irish, and action plans to strengthen and consolidate the local language community. Conradh na Gaeilge will also provide a handbook and other support materials online and free of charge on its website at www.cnag.ie/culturclub/.
FURTHER INFORMATION:
Síne Nic an Ailí
Communications Executive, Conradh na Gaeilge
00 353 87 6546673 | [email protected] | 00 353 1 4757401 | 00 1 406 2076721 (from 30 November 2016)
Julian de Spáinn
General Secretary, Conradh na Gaeilge
00 353 86 8142757 | [email protected] | 00 353 1 4757401
Cuan Ó Seireadáin
2016 Coordinator, Conradh na Gaeilge
00353 86 4024282 | [email protected] | 00 353 1 4757401
CULTÚR CLUB WORKSHOPS:
CHICAGO, ILLINOIS
6.00pm, Tuesday, 29 November 2016
Chief O’Neill Pub, 3471 N Elston Avenue, Chicago, IL 60618
Contact: Cuan Ó Seireadáin / [email protected] / 00353 86 4024282
WAYNE, NEW JERSEY
7.00pm, Wednesday, 30 November 2016
William Paterson University, Room 327, University Commons, 300 Pompton Road, Wayne, NJ 07470
Contact: Professor Brian Ó Broin, William Paterson University 00 1 973 7202641 / [email protected] | Cuan Ó Seireadáin / [email protected] / 00353 86 4024282
ALBANY, NUA EABHRAC
3.00pm, Saturday, 3 December 2016
Celtic Hall, 430 New Karner Road, Albany, NY, 12205
Event: www.facebook.com/events/588188948038240/
Contact: Local branch of Conradh na Gaeilge, Craobh Chumar an Dá Uisce | Cuan Ó Seireadáin / [email protected] / 00353 86 4024282
PHOENIX, ARIZONA
11.00am, Sunday, 4 December 2016
Meeting at Seamus McCaffrey’s, 18 W Monroe Street, Phoenix, AZ 85003
Workshop will start no later than noon at 111 W Monroe Street, Phoenix, AZ 85003
Event: www.facebook.com/events/358741914476884/
Contact: Vicki Champion, Aiséirí [email protected] / 001 623 680171 | Síne Nic an Ailí 00353 87 6546673 / [email protected] / 001 4062076721
MEMPHIS, TENNESSEE
6.00pm, Tuesday, 6 December 2016
Celtic Crossing Irish Pub, 903 Cooper Street, Memphis, TN 38104
Contact: Mary Ann Lucas, Memphis Irish [email protected] | Síne Nic an Ailí 00353 87 6546673 / [email protected] / 001 406 2076721
PITTSBURGH, PENNSYLVANIA
10.00am, Wednesday, 7 December 2016
Posvar Hall 4217, University of Pittsburgh, Oakland, 230 South Bouquet Street, Pittsburgh, PA 15260
Contact: Cuan Ó Seireadáin | [email protected] | 00353 86 4024282
KNOXVILLE, TENNESSEE
5.30pm, Thursday, 8 December 2016
Room 130, C.E. Brehm Animal Sciences Building, University of Tennessee, 2506 River Drive, Knoxville, TN 37996
Contact: Chris King, Knoxville Irish [email protected] / 001 901 2301336 | Síne Nic an Ailí 00353 87 6546673 / [email protected] / 001 406 2076721
LOS ANGELES, CALIFORNIA
11.00am, Sunday, 11 December 2016
3807 Wilshire Boulevard, 6F Suite 600, Los Angeles, CA 90010
Contact: Local branch of Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal | Síne Nic an Ailí 00353 87 6546673 / [email protected] / 001 406 2076721
Also known in English as The Gaelic League, Conradh na Gaeilge was founded on the 31st of July 1893 by Eoin Mac Néill, Douglas Hyde – the future first President of Ireland – and others. Conradh na Gaeilge continues to be the democratic forum for the Irish-speaking community to this day. Our main aim is to reinstate Irish as the common language of Ireland. From raising awareness to advocating for language rights, we work on behalf of Irish speakers and Gaeltacht communities throughout Ireland and around the world. Since its establishment in 1893, our members have been active in promoting the Irish language in every aspect of life in Ireland – from legal matters and education issues, to developments in the media and Irish language services – and are at the forefront of campaigns to secure and strengthen the rights of the Irish-language community everywhere. With 180 branches and numerous individual members, every member of Conradh na Gaeilge works hard to promote the use of Irish within their own communities, from Hong Kong to Canada and from Carntogher to Cúil Aodha. Conradh na Gaeilge runs Irish-language courses in Dublin, Ennis, Galway, Limerick, Mayo, Newry, Tipperary, and elsewhere across Ireland and the world. More information: www.cnag.ie/courses
Cultúr Club is a collective title for a variety of innovative initiatives being developed by Conradh na Gaeilge to help foster a stronger sense of Irish identity, especially among the Irish abroad. These initiatives aim to assist local communities in everything from running language rights campaigns to organising cultural events for all age-groups through Irish. Piloted by Conradh na Gaeilge in partnership with the Consulate of Ireland for Hong Kong and Macau in the summer of 2016, the Cultúr Club project is being developed in the United States association with the Fulbright Commission of Ireland and the Department of Arts, Heritage, Regional, Rural & Gaeltacht Affairs (DAHRRGA). More information: www.cnag.ie/culturclub
***********************
CUIREADH & EOLAS
Dáta: 29 Samhain 2016
English version above
Bronntanas Gaeilge um Altú Buíochais
Ceardlanna Cultúr Club á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge le grúpaí pobail Gaeilge & cultúir sna Stáit Aontaithe
Tá sraith d’ocht gceardlann um chumasú pobail á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le grúpaí pobail Gaeilge agus cultúir sna Stáit Aontaithe idir 29 Samhain – 11 Nollaig 2016.
Buíochas le maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus ó Choimisiún Fulbright na hÉireann don togra úr Cultúr Club, tá Conradh na Gaeilge ag dul i gcomhairle le pobal Gaeilge Mheiriceá chun eolas agus comhairle maidir le cúrsaí poiblíochta, oideachais, abhcóideachta, airgeadais, agus eile a roinnt le grúpaí eile atá ag obair ar son na teanga ar an talamh.
Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Is ar mhaithe le pobal idirnáisiúnta Gaeilge a chothú agus a neartú atá an togra Cultúr Club á fhorbairt ag Conradh na Gaeilge. Ba mhaith linn cur leis an ngréasán idirnáisiúnta de chainteoirí Gaeilge, tograí nua a fhorbairt, agus feasacht ar an nGaeilge agus ar an athbheochan a ardú i measc an phobail sin.”
Tá na ceardlanna Cultúr Club á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ó Albany, Nua Eabhrac, go Phoenix, Arizona, agus tá siad oscailte don phobal ar fad. Feartar fáilte roimh chách le spéis i gcur chun cinn na Gaeilge freastal ar aon cheann de na ceardlanna seo:
· Chicago, Illinois: 29 Samhain 2016
· Wayne, New Jersey: 30 Samhain 2016
· Albany, Nua Eabhrac: 3 Nollaig 2016
· Phoenix, Arizona: 4 Nollaig 2016
· Memphis, Tennessee: 6 Nollaig 2016
· Pittsburgh, Pennsylvania: 7 Nollaig 2016
· Knoxville, Tennessee: 8 Nollaig 2016
· Los Angeles: 11 Nollaig 2016
Deir Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge:
“Táimid ag díriú ar chomhairle phraiticiúil agus acmhainní ar leith a chur ar fáil do ghrúpaí pobail teanga agus cultúir thar sáile leis an togra Cultúr Club, ina measc sraith de cheardlanna um chumasú pobail agus ábhar tacaíochta.”
Pléifear téamaí amhlaidh conas imeachtaí Gaeilge a mhaoiniú agus a phoibliú, conas múinteoirí teanga a aimsiú agus ranganna Gaeilge a reáchtáil, agus conas feachtas um chearta teanga a rith ag na ceardlanna Cultúr Club mar aon le smaointí d’imeachtaí sóisialta a reáchtáil trí mheán na Gaeilge, agus pleananna gnímh chun an pobal teanga áitiúil a neartú agus a bhuanú. Cuirfear leabhrán agus ábhar tacaíochta eile a bhaineann le Cultúr Club ar fáil in aisce ar-líne ar shuíomh Chonradh na Gaeilge ag www.cnag.ie/CulturClub/ freisin.
TUILLEADH EOLAIS:
Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge
00 353 87 6546673 | [email protected] | 00 353 1 4757401 | 00 1 406 2076721 (ó 30 Samhain 2016)
Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
00 353 86 8142757 | [email protected] | 00 353 1 4757401
Cuan Ó Seireadáin
Comhordaitheoir 2016, Conradh na Gaeilge
00353 86 4024282 | [email protected] | 00 353 1 4757401
CEARDLANNA CULTÚR CLUB:
CHICAGO, ILLINOIS
6.00in, Dé Máirt, 29 Samhain 2016
Chief O’Neill Pub, 3471 N Elston Avenue, Chicago, IL 60618
Teagmhálaí: Cuan Ó Seireadáin / [email protected] / 00353 86 4024282
WAYNE, NEW JERSEY
7.00in, Dé Céadaoin, 30 Samhain 2016
Ollscoil William Paterson, Seomra 327, University Commons, 300 Pompton Road, Wayne, NJ 07470
Teagmhálaí: An tOllamh Brian Ó Broin, Ollscoil William Paterson 00 1 973 7202641 / [email protected] | Cuan Ó Seireadáin / [email protected] / 00353 86 4024282
ALBANY, NUA EABHRAC
3.00in, Dé Sathairn, 3 Nollaig 2016
Celtic Hall, 430 New Karner Road, Albany, NY, 12205
Imeacht: www.facebook.com/events/588188948038240/
Teagmhálaí: Craobh Chumar an Dá Uisce, Conradh na Gaeilge | Cuan Ó Seireadáin / [email protected] / 00353 86 4024282
PHOENIX, ARIZONA
11.00rn, Dé Domhnaigh, 4 Nollaig 2016
Ag bualadh le chéile ag Seamus McCaffrey’s, 18 W Monroe Street, Phoenix, AZ 85003 Reáchtálfar an cheardlann féin ag 111 W Monroe Street, Phoenix, AZ 85003 ag meánlae ar a mhoille
Imeacht: www.facebook.com/events/358741914476884/
Teagmhálaí: Vicki Champion, Aiséirí [email protected] / 001 623 680171 | Síne Nic an Ailí 00353 87 6546673 / [email protected] / 001 4062076721
MEMPHIS, TENNESSEE
6.00in, Dé Máirt, 6 Nollaig 2016
Celtic Crossing Irish Pub, 903 Cooper Street, Memphis, TN 38104
Teagmhálaí: Mary Ann Lucas, Cumann Gaelach Memphis [email protected] | Síne Nic an Ailí 00353 87 6546673 / [email protected] / 001 406 2076721
PITTSBURGH, PENNSYLVANIA
10.00rn, Dé Céadaoin, 7 Nollaig 2016
Posvar Hall 4217, Ollscoil Bhaile Phitt, Oakland, 230 South Bouquet Street, Pittsburgh, PA 15260
Teagmhálaí: Cuan Ó Seireadáin | [email protected] | 00353 86 4024282
KNOXVILLE, TENNESSEE
5.30in, Déardaoin, 8 Nollaig 2016
Seomra 130, Foirgneamh Eolaíochtaí Ainmhithe C.E. Brehm, Ollscoil Tennessee, 2506 River Drive, Knoxville, TN 37996
Teagmhálaí: Chris King, Cumann Gaelach Knoxville [email protected] / 001 901 2301336 | Síne Nic an Ailí 00353 87 6546673 / [email protected] / 001 406 2076721
LOS ANGELES, CALIFORNIA
11.00rn, Dé Domhnaigh, 11 Nollaig 2016
3807 Wilshire Boulevard, 6F Suite 600, Los Angeles, CA 90010
Teagmhálaí: Craobh na nAingeal, Conradh na Gaeilge | Síne Nic an Ailí 00353 87 6546673 / [email protected] / 001 406 2076721
Bhunaigh Eoin Mac Néill, Dúbhghlas de hÍde, agus comhghleacaithe eile leo Conradh na Gaeilge, nó The Gaelic League as Béarla, ar 31 Iúil 1893, blianta beaga sular toghadh de hÍde ina chéad Uachtarán ar Éirinn. Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ó shin i leith. Is í athréimniú na Gaeilge mar ghnáththeanga labhartha na hÉireann an phríomhaidhm atá againn. Saothraíonn an Conradh ar son phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta – ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain araon – trí fheasacht a ardú agus trí stocaireacht a dhéanamh le cearta teanga a bhaint amach. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur an Ghaeilge chun cinn i ngach gné den saol – ó chúrsaí dlí agus oideachais, go forbairtí sna meáin agus seirbhísí trí Ghaeilge – ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893, agus bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Tá 180 craobh agus iomaí ball aonair ag an gConradh, agus bíonn gach ball ag saothrú go dícheallach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin, ó Hong Cong go Ceanada agus ó Charn Tóchair go Cúil Aodha. Bíonn ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann agus an domhain. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/courses
Cultúr Club an t-ainm atá ar réimse de thograí nuálaíocha atá á bhforbairt ag Conradh na Gaeilge chun féiniúlacht Éireann níos láidre a chothú i measc na nGael, go háirithe iad siúd thar sáile. Tá sí mar aidhm ag na tograí seo tacú le pobail áitiúla chun gach sórt ruda a reáchtáil trí mheán na Gaeilge, ó fheachtais um chearta teanga go himeachtaí cultúir d’aoisghrúpaí éagsúla. Chuir Conradh na Gaeilge tús le Cultúr Club i gcomhar le hArd-Chonsalacht na hÉireann i Hong Cong agus Macau le linn an tsamhraidh i 2016. Is i bpáirtíocht le Coimisiún Fulbright na hÉireann agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta atá an togra á fhorbairt sna Stáit Aontaithe. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/CulturClub