ACIS Logo An líon a bhailíonn gach iasc: saol, saothar agus oidhreacht Michael Hartnett

Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Aoine 24/5/2019

Sa bhliain 2019 beidh fiche bliain ann ó cailleadh an file Michael Hartnett/Mícheál Ó hAirtnéide (1941-1999). ‘Limerick’s Lorca’ a thug Séamas Heaney ar Hartnett ach ba mhinic a cheap an file féin go raibh sé ina ‘aonarán’ is é ag saothrú na filíochta Gaeilge. Is tráthúil, agus is tábhachtach mar sin, athphlé a dhéanamh ar ionad an fhile agus ar ionad a shaothair i gcanóin na litríochta. Fáilteofar roimh thairiscintí ar pháipéir Ghaeilge a thabhairt ag Comhdháil Speisialta a dhéanfaidh comóradh, céiliúradh agus cíoradh ar shaol agus ar shaothar an fhile dhátheangaigh Mícheál Ó hAirtnéide/Michael Hartnett. Beidh an chomhdháil ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál ar Aoine an 24 Bealtaine i gcathair Luimnigh i gcontae dúchais an fhile. Má tá suim agat páipéar (20 nóiméad.) a thairiscint ba chóir teideal agus achoimre 300 focal a sheoladh mar aon le nóta beathaisnéise agus sonraí teagmhala a sheoladh chuig duine den choiste roimh an 11 Feabhra 2019. (seoltaí thíos) Bígí linn i Luimneach don mhórchéiliúradh seo!

Thug Hartnett ‘an líon a bhailíonn gach iasc’ ar an nGaeilge. I measc na réimsí iomadúla a bhféadfaí plé a dhéanamh orthu tá:

Filíocht Ghaeilge Uí Airtnéide
Mionléamh ar dhán(ta) ar leith
An file dátheangach agus an file ilteangach
Breith na gcriticeoirí ar Ó Airtnéide lena linn féin agus ó cailleadh é
Féilte Gaeilge Chontae Luimnigh sna 1970aidí agus a dtionchar ar Hartnett
Ionad Uí Airtnéide i gcanóin na Gaeilge
Aistriúcháin Uí Airtnéide ón Meán-Ghaeilge agus ó theangacha Eorpacha éagsúla
Aistriúcháin Uí Airtnéide ar fhilí móra na Gaeilge: Ní Dhomhnaill, Maude srl.
Ó hAirtnéide agus an misteachas
Ó hAirtnéide agus an lucht oibre
Ó hAirtnéide mar ‘nuachainteoir’
Aistriúcháin Uí Airtnéide ar na mórfhilí Gaeilge Haicéad, Ó Bruadair agus Ó Rathaille
Saothar Uí Airtnéide trí chéile, go háirithe an plé a dhéantar ar an nGaeilge ina shaothar Béarla
Scríbhneoirí Gaeilge Luimnigh sa lá atá inniu ann
Cur i láthair cruthaitheach ar ghné de shaol nó de shaothar an fhile nó cuntas ar iomhramháil chruthaitheach atá déanta ar shaothar an fhile (ceol, ealaín, léiriú drámata srl)
Oidhreacht Uí Airtnéide
Míle fáilte romhat teagmháil a dhéanamh má tá aon cheist agat ina thaobh seo.
Tá sé i gceist rogha as measc na bpáipéar a fhoilsiú.

Le mórmheas, Dr Róisín Ní Ghairbhí, Dr Stephen Newman, Tony Ó Floinn

Roisin.nighairbhi@mic.ul.ie
Stephen.newman@mic.ul.ie
Tony.ofloinn@mic.ul.ie

Published on: March 10, 2019